Written answers
Tuesday, 28 February 2017
Department of Housing, Planning, Community and Local Government
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
346. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government cad é an costas breise a bhainfeadh le hoifigeach Gaeilge lánaimseartha a earcú i ngach comhairle contae nach bhfuil oifigeach Gaeilge acu faoi láthair. [10173/17]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
347. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government cé mhéad oifigeach Gaeilge atá fostaithe i gcomhairlí contae ar fud an Stáit; cá háit sa tír a bhfuil siad fostaithe; agus an ndeimhneoidh sé i ngach cás an post é atá dírithe ar dhualgas Gaeilge amháin. [10174/17]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimhir 346 agus 347a thógáil le chéile.
Bailíonn mo Roinn eolas go ráithiúil ar líon na bhfoirne sna húdaráis áitiúla. Ní soláthraíonn an t-eolas sin mionsonraí maidir le hoifigigh Gaeilge atá fostaithe sna húdaráis áitiúla ar fud na tíre. Mar sin de, níl an t-eolas iarrtha maidir le líon na n-oifigeach, cá bhfuil siad nó an costas airgeadais a bhaineannleo ar fáil i mo Roinnse.
De réir alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, tá gach príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagraíochtúla atá riachtanach le haghaidh feidhmeanna an údaráis áitiúil ata faoin a chúram nó a cúram a chur i gcrích.
No comments