Written answers

Tuesday, 28 February 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

505. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist an ráta laethúil a íoctar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a ardú i mbliana; cén uair atá sé i gceist aici a rá go deimhnitheach an bhfuil an ráta le hardú nó nach bhfuil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10473/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist maidir leis an ráta deontais a íocfar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 2017 á breithniú agam faoi láthair i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Táthar ag súil le cinneadh ina taobh a fhógairt go luath.

Le cúinsí airgid mar a bhí le roinnt blianta, tá mé sásta a rá go raibh ar chumas mo Roinne an deontas a íoctar le teaghlaigh a choinneáil ag an ráta céanna le cúpla bliain anuas. Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil aon airgead a shaothraíonn teaghlaigh faoin scéim saor ó cháin agus nach gcuirtear san áireamh é ach oiread agus iarratais ar íocaíochtaí leasa shóisialaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.