Written answers

Tuesday, 21 February 2017

Department of Public Expenditure and Reform

Feachtais Turasóireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

351. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cé mhéid cuairteoir a thug cuairt ar Theach an Phiarsaigh, Ros Muc, i 2016; cad iad na pleananna atá ann lena chinntiú go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr seo trí fhógraí bóthair, fógraíocht srl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8135/17]

Photo of Seán CanneySeán Canney (Galway East, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

San iomlán thug 17,834 duine cuairt ar an suíomh i Ros Muc sa bhliain 2016.

Tá pleananna á bhforbairt faoi láthair ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann d’fheachtas comhtháite margaíochta d’Ionad Cuairteoirí nua Theachín an Phiarsaigh. Tabharfaidh seo faoi cheisteanna maidir le heolas do chuairteoirí chun go mbeidh siad níos mó ar an eolas faoi na háiseanna nua lena n-áirítear comharthaíocht áitiúil, láithreacht ar líne, foilseacháin eolais, agus a bheith i láthair ag ócáidí margaíochta idirnáisiúnta. Chomh maith le sin d’ainmnigh Fáilte Éireann an suíomh mar Ionad Aimsithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.