Written answers

Wednesday, 15 February 2017

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

243. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Roghanna Agra-Chomhshaoil (AEOS2) le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7461/17]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an duine ainmnithe tús lena chonradh AEOS 2 an 1 Meán Fómhair 2016.  Íocaíochtaí a eisíodh do bhlianta na Scéime, 2011-2015.  Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar an láthair an 27ú Iúil 2016, tháinig fadhbanna chun solais i ndáil leis an ngníomh Cothabhála i dtaobh Ballaí Cloiche Traidisiúnta. D'eisigh an Roinn litir dar dáta an 12ú Deireadh Fómhair 2016 inar sonraíodh an pionós a forchuireadh agus inar tugadh an ceart don duine atá ainmnithe achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Imscrúdaitheora Réigiúnaigh.  Ní bhfuarthas aon achomharc.

Faoi na Rialacháin AE lena rialaítear an Scéim agus scéimeanna eile limistéarbhunaithe, ní mór seiceáil chuimsitheach riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear cros-seiceálacha leis an gCóras Aitheantais Dáileachtaí Talmhaíochta.  De bhrí go mbeidh iarratasóirí uile AEOS 2 ag fáil a gcuid íocaíochtaí deiridh faoin scéim, ní mór athsheiceálacha ar íocaíochtaí i leith bhlianta uile na scéime a chríochnú sular féidir an íocaíocht deiridh a phróiseáil.

Tá oifigigh ag obair ar na comhaid seo agus déanfar íocaíocht, lúide pionóis agus laghduithe, i ngach cás a luaithe is féidir.

The person named commenced their AEOS 2 contract on 1st September 2016. Payments issued for the 2011-2015 Scheme years. Following an on the spot inspection on 27th July 2016 issues arose in respect of the Traditional Stone Wall Maintenance action. A letter dated 12th October 2016 issued from the Department detailing the penalty imposed and giving the person named the right to appeal the decision to the Regional Inspector.  No appeal was received.

Under the EU Regulations governing the Scheme and other area-based payment schemes, a comprehensive administrative check, including cross-checks with the Land Parcel Identification System must take place. As all AEOS 2 participants will be receiving their final payments under the scheme, re-checks on payments made for all scheme years must be completed before final payment can be processed.

Officials are working through these files and payment, minus penalties and reductions, will be made in all cases as soon as possible.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.