Written answers

Thursday, 9 February 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

161. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas maidir leis na pleananna atá ag Foras na Gaeilge bogadh as Oifig na nOibreacha Poiblí agus foirgneamh príobháideach a fháil ar cíos; má chuireann an eagraíocht sin na pleananna sin i gcrích an mbeidh sí ag sárú a cuid dualgas faoin meamram airgeadais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6431/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní mór dom a threisiú gur ceisteanna oibríochtúla d'Fhoras na Gaeilge ar an gcéad dul síos na ceisteanna maidir le léasanna áirithe.

Tuigtear dom go raibh Foras na Gaeilge ag lorg socrú cóiríochta fadtéarmaigh ó 2013 i leith, i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí, sular tháinig deireadh lena léas 35 bliana ar a cheanncheathrú reatha i gCearnóg Mhuirfean sa bhliain 2015. Tiocfaidh deireadh leis an léas fadtéarmach ar oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mbliana chomh maith. Sa chomhthéacs nach féidir na léasanna sin a athnuachan, tuigtear dom go bhfuiltear ag súil an dá oifig a thabhairt le chéile agus socruithe fadtéarmacha a dhéanamh ó thaobh cheanncheathrú nua don eagraíocht i mBaile Átha Cliath.

Is féidir liom a chur in iúl go ndearna Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach do na Ranna Urraíochta san dá dlínse, mar is cuí i gcomhréir le halt 5 dá Mheamram Airgeadais, maidir le léas a ghlacadh ar chíos oifige atá os cionn tairseach €37,500 p.a., agus go bhfuil cead i bprionsabal tugtha ag na Ranna Urraíochta chuige sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.