Written answers
Wednesday, 8 February 2017
Department of Education and Skills
Stádas Thionscadail Tógála Scoileanna
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
147. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le stádas an iarratais atá déanta ag an scoil seo (sonraí leis seo); go háirithe maidir leo seo a leanas: 1. costais foirgneamh réamhdhéanta, 2. costais athlonnaithe, 3. an obair tógála atá beartaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6313/17]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cheadaigh mo Roinn tionscadal tógála suntasach don scoil dá dtagraíonn an Teachta. Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo síneadh a chur le foirgneamh reatha na scoile agus é a athleagan amach chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil le haghaidh seomraí ranga agus gach seomra réamhdhéanta a bhaint amach as an láithreán reatha. Ní féidir méid an deontais cheadaithe a nochtadh mar chuirfeadh sin isteach ar an bpróiseas tairisceana.
Cuireadh togra athbhreithnithe ar aghaidh chuig mo Roinn le déanaí maidir le hoibreacha breise, ina measc togra athlonnaithe. Níor cuireadh mionsonraí faoi chostas an mhéid sin ar aghaidh ag an tráth seo. Tá an togra athbhreithnithe á bhreithniú faoi láthair agus cuirfear cinneadh ina thaobh in iúl d'údarás na scoile chomh luath agus is féidir.
No comments