Written answers

Wednesday, 8 February 2017

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

123. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh múinteoir breise ex quota ag na scoileanna Gaeltachta ó Mheán Fómhair ar aghaidh mar a gealladh i mBeartas na Roinne ar Oideachas Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6191/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an ngníomh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a bhaineann le socrúcháin scoile bliana i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta Gaeltachta, do chéimithe ó na cláir nua um oiliúint tosaigh múinteoirí (ITE) bunscoile agus iar-bhunscoile, is gníomh amháin é sin de roinnt gníomhartha a dhéanfar. Cuirfear gníomhartha an pholasaí i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ó Meán Fómhair 2017. Ní thosóidh an gníomh seo i Meán Fómhair 2017, ach ag céim níos déanaí sa chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.