Written answers

Tuesday, 7 February 2017

Department of Education and Skills

Oideachas Riachtanas Speisialta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

199. To ask the Minister for Education and Skills maidir leis an múnla nua don Oideachas Speisialta a bheidh ag teacht ar an bhfód i mí Mheán Fómhair 2017, cén fáth nach bhfuil trácht ná tuairisc ar an nGaeilge in aon phlé sa mhúnla seo; an bhfuil an Ghaeilge curtha san áireamh le haghaidh uaireanta tacaíochta i scoileanna atá ag teagasc trí Ghaeilge; ós rud é go bhfuil gá le huaireanta do thacaíocht foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic (trí mheán na Gaeilge) do na scoileanna sin, cén beart atá déanta ag an Roinn le cinntiú nach bhfuil páistí a bhfuil fadhbanna foghlama acu sa Ghaeilge fágtha ar lár, agus go bhfuil na tacaíochtaí seo ar fáil trí mheán na Gaeilge dóibh. [5895/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Teachta feasach gur fhógair mé ar an ochtú lá déag d’Éanair go gcuirfear múnla nua chun acmhainní múinteoireachta don oideachas speisialta a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iar- bhunscoileanna príomhshrutha.  Bheartaigh grúpa oibre a chuir an Comhairle Náisiúnta Um Oideachas Speisialta, an múnla dháilidh nua ar bun, agus deineadh tuilleadh forbartha air ag an Roinn Oideachais agus Scileanna in éineacht le tuistí, oidí, ionadaí ó eagraíochtaí míchumais, agus páirtithe eile sa chóras oideachais.  

Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Comhairle Naisiúnta Um Oideachas Speisialta i gcomhairle le raon leathan páirtithe, Foras Patrúnachta, agus Gaelscoileanna Teo san áireamh maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an múnla nua. Tharla an cruinniú chomhairliúcháin is déanaí ar an dara la déag d’Éanair 2017.

Cé go gcuirfear an múnla dháilidh nua i bhfeidhm go cothram ar na scoileanna go léir, i slí atá bunaithe ar phróifíl de riachtanais speisialta na scoile, chomh maith le sin tá aitheantas faoi leith tugtha ag mo Roinn do raon dushlán a dárdaigh páirtithe a d’fhéadfaí a bheith i gceist maidir le Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Ag díriú ar an eilimint den phróifíl scoile a bhaineann le riachtanais foghlama scoileanna mar a léirítear é i dtorthaí scrúdaithe caighdeánaithe sa litearacht agus san uimhearacht, chuir an Roinn san áireamh, an dearcadh a léirigh Gaelscoileanna Teo, ‘sé sin, d’fheadfaí in a lán Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta  gurb í an Ghaeilge príomh-theanga dhaltaí a fhreastlaíonn ar an scoil agus go ndéanann roinnt scoileanna, tacaíocht bhreise a sholáthar don litearacht trí mheán na Gaeilge.

Dá bhrí sin, maidir le Gaelscoileanna agus scoileannna Gaeltachta, d’aontaigh an Roinn go ndéanfar na torthaí ó scrúdaithe caighdeánaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a chomhbhailiú chun áireamh a dhéanamh don ghné den phróifíl scoile a bhaineann le gnóthú daltaí bunscoile sa litearacht.

Cuirfidh an dáil de mhúínteoreacht bhreise don oideachas speisialta a bheidh ann do gach scoil de réir an mhúnla nua, tacaíocht ar fáil sa litearacht. I scoileanna lán Ghaeilge is féidir leis an scoil an tacaíocht a sholáthar do fhorbairt na litearachta sa Ghaeilge nó sa Bhéarla, nó a rogha a dhéanamh de réir riachtanais na scoile fein.

Ta státseirbhísigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna sásta bualadh le Gaelscoileanna Teo, go luath amach anseo, maidir le forbairt an mhúnla dháilidh nua a phlé agus conas mar a cheapann siad go rachadh an dáil nua i bhfeidhm ar an oideachas i suíomh thumoideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.