Written answers

Tuesday, 31 January 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

422. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ós rud é gur eagraíocht trasteorann é Foras na Gaeilge, agus mar gheall gur thug an rialtas ó dheas €750,000 sa bhreis dóibh in 2017, an bhfuil sé ar intinn aici brú a chur ar na páirtithe leasmhara ó thuaidh maoiniú comhoiread a chur ar fáil. [4165/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a mhínigh mé i mo phreasráiteas ar 15 Nollaig 2016, tá maoiniú breise d’ os cionn €750,000 curtha san áireamh sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 don bhForas Teanga. Ar nós na bhForas T rasteorann ar fad, tháinig laghdú suntasach ar an maoiniú don bhForas Teanga le blianta beaga anuas. Sna cúinsí sin, caithfear a aithint go ndearna Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon iarracht thar barr chun a gcuid seirbhísí túslíne a chosaint.  Cloisim ó na gníomhaireachtaí seo go rialta faoi na dúshláin reatha atá os a gcomhair agus, sa chomhthéacs sin, tá súil agam go mbeifear in ann cabhrú le o freastal níos fearr ar na cúraimí atá orthu ó thaobh cúrsaí teanga agus cultúir a chur chun cinn.

Mar is eol don Teachta, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Tá na buiséid do 2017 fós á bplé ag na Ranna Airgeadais san dá dhlínse agus ní féidir na pleananna gnó agus na buiséid do 2017 a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas go dtí go mbeidh comhaontú ar na buiséid ar fáil.

Is féidir liom a dheimhniú gurb é €13.989m an soláthar táscach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 ó dheas chun freastal ar an mbúiséad a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas don bhForas Teanga amach anseo, mar aon le maoiniú imfhálaithe do Chlár na Leabhar Gaeilge agus Cholmcille. Caithfear a threisiú nach bhfuil aon soiléiriú ar chúrsaí meastacháin ó thuaidh go fóill sa chomhthéacs nach dtosaíonn an bhliain airgeadais ó thuaidh go dtí mí Aibreáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.