Written answers
Tuesday, 31 January 2017
Department of Foreign Affairs and Trade
Acht Teanga
Seán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
359. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade ós rud é go bhfuil sé ráite aige féin gur mhaith leis gach mír de Chomhaontú Chill Rímhinn a bheith curtha i bhfeidhm, agus ós rud é gur mír thábhachtach den Chomhaontú sin Acht Teanga a rith ó thuaidh, an bhfuil sé ar intinn aige brú a chur ar na páirtithe leasmhara ar fad ó thuaidh Acht Teanga a chur i gcrích. [4344/17]
Charles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt eilimintí de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn nach bhfuil curtha i bhfeidhm go hiomlán go fóill, iad siúd a bhaineann le hAcht Teanga ina measc. Is é seasamh daingean an Rialtais ná go gcaithfidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba a bheith curtha i bhfeidhm ina hiomlán, agus feictear é seo sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta.
Rinneadh foráil i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006 d’Acht Teanga i dTuaisceart Éireann a bheith achtaithe ag Rialtas na Breataine.
Rinne Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile tacú le hAcht Teanga agus leanann muid ar aghaidh ag obair ar a son. Faraor, go dtí seo ní raibh aontas laistigh den Fheidhmeannas ar ábhar atá anois déabhlóidithe chun é a thabhairt chun cinn.
I gComhaontú Teach Stormont in 2014, rinne an Rialtas agus Rialtas na Breataine, ag cuimhniú ar na gealltanais ó na Comhaontuithe a tháinig roimhe, eadóirseacht don gá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Déanann Comhaontú Teach Stormont foráil i gcomhair cruinnithe athbhreithnithe rialta idir an Rialtas, Rialtas na Breataine agus ceannairí páirtithe an Fheidhmeannais. Ag an dá Cruinniú Athbhreithnithe dheireanach – an ceann is déanaí i Mí na Nollag – bhí an deis agamsa aird a tharraigt ar na gealltanais nach bhfuil curtha i bhfeidhm, ina measc iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge, agus d’iarr mé go bhfanfadh siad ar an gclár oibre i gcomhair cruinnithe athbhreithnithe sa todhchaí.
Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag tacú leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin, ag cur san áireamh an tacaíocht airgeadais a chuireann muid ar fáil d’obair Fhoras na Gaeilge.
Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh freisin ag dul i ngleic le Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann le cur i bhfeidhm iomlán na forálacha de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba, ina measc iad siúd ag baint leis an nGaeilge.
No comments