Written answers
Tuesday, 31 January 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Plean Infheistíochta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
444. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar intinn aici airgead a chur ar fáil chun an plean infheistíochta, a comhaontaíodh idir 80 grúpa Gaeilge, a chur i bhfeidhm go hiomlán, rud a chruthódh breis is míle post agus go leor deiseanna úsáidte Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4608/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Plean Infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar Aghaidhá scrúdú go gníomhach ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá an plean pléite le Conradh na Gaeilge le mí anuas, ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar bealaí chun na moltaí atá san áireamh ann a thabhairt chun cinn.
No comments