Written answers
Wednesday, 25 January 2017
Department of Agriculture, Food and the Marine
Scéimeanna Talmhaíochta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
253. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Buníocaíochta / Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, don bhliain 2016, le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3362/17]
Michael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fuair mo Roinn iarratas faoi Scéim Buníocaíochta 2016 ón duine ainmnithe ar an 2 Meitheamh 2016. De réir na dTéarmaí agus Coinníollacha a bhaineann leis an scéim, gearradh pionós 13% ar an iarratas seo as ucht é a bheith déanach. I mí Eanáir 2017, íocadh an t-airgead faoin Scéim Buníocaíochta go díreach isteach i gcuntas bainc ainmnithe an iarratasóra. Níl aon taifead ann gur chuir an duine ainmnithe isteach ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha. Rachaidh oifigeach ó mo Roinn i dteagmháil leis an duine ainmnithe chun an scéal a mhíniú.
No comments