Written answers

Tuesday, 24 January 2017

Department of Education and Skills

Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

219. To ask the Minister for Education and Skills an n-iarrfaidh sé ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan líofacht sa Ghaeilge a bheith riachtanach don phost mar Uachtarán na hOllscoile as seo amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3024/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is comhlachtaí neamhspleácha iad institiúidí Tríú Leibhéal agus is ar Bhoird Rialaithe agus ar fhoireann bhainistíochta na n-institiúidí bainteacha atá freagracht as cúrsaí oibríochta laethúla, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le gnásanna earcaíochta agus roghnúcháin.

Maidir leis an gceist áirithe atá idir lámha, tá curtha in iúl ag an Ollscoil dom go mbeidh folúntas ann i leith Uachtaránacht OÉ Gaillimh i mí Eanáir 2018. Le déanaí, chuir an Ollscoil tús le hullmhúchán chun comórtas a eagrú le hUachtarán nua a cheapadh. Sa chomhthéacs sin, tionóladh cruinniú d'Údarás na hOllscoile Dé hAoine 2ú Nollaig 2016 agus rinneadh cinneadh comhthola gan leanúint de riachtanas cumas sa Ghaeilge a bheith ag sealbhóir an phoist.

Is den tábhacht a shonrú nach n-éilítear in Acht na nOllscoileanna, 1997 ná in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006 cumas Gaeilge a bheith ag Uachtarán OÉ Gaillimh. Is ceanglas de chuid an reachta Ollscoile infheidhme reatha é an riachtanas cumas Gaeilge a bhaineann leis an Uachtarán reatha. Tá Údarás na hOllscoile i dteideal, faoi alt 33 d'Acht na nOllscoileanna, 1997, reachtanna nua a dhréachtú agus reachtanna reatha a leasú de réir mar a mheasann sé bheith riachtanach.

Is í an réasúnaíocht atá taobh thiar den chinneadh seo chun an reacht reatha Uachtaránachta faoi mar a bhaineann sé leis an nGaeilge a leasú, riar ar an léiriú spéise is iomláine in Éirinn agus thar lear sa chomórtas Uachtaránachta atá le teacht. Tá ceanglas ar an Ollscoil faoi alt 18 (2) d'Acht na nOllscoileanna, 1997, rannpháirtíocht a chinntiú i bpróiseas roghnúcháin na hUachtaránachta ag iarrthóirí ardcháilíochta ón taobh istigh agus ón taobh amuigh den Ollscoil araon. Tá an ollscoil rangaithe faoi láthair i measc an 250 ollscoil is fearr ar domhan ag Ranguithe Ollscoileanna an Domhain 2016/2017 an TIMES HIGHER EDUCATION agus ag Ranguithe Ollscoileanna an Domhain 2016/2017 an QS. Ar an mbonn sin, tá an Ollscoil ag dúil go gcuirfidh réimse suntasach d'iarrthóirí, idir inmheánach agus sheachtrach, iarrthóirí idirnáisiúnta san áireamh, suim san fholúntas le haghaidh Uachtarán nua.

Ní mór a chuimhneamh freisin go bhfuil freagrachtaí reachtúla ar leithligh ar OÉ Gaillimh maidir le cur chun cinn agus saothrú na Gaeilge ar an gcampas agus i bpobail Ghaeltachta. Feidhmítear é seo go príomha trí obair thábhachtach Acadamh na hOllscolaíochta. Feidhmíonn sé go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus tá sé freagrach as forbairt agus soláthar cláir acadúla, taighde agus seirbhísí eile trí mheán na Gaeilge. Is in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh, 1929 a leagadh amach den chéad uair tiomantas na hOllscoile i leith na Gaeilge agus athdhearbhaíodh é seo in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006. Maítear sa dara hAcht gur bunaidhm i gcomhair oibríocht agus fhorbairt an Choláiste soláthar oideachais sa Choláiste trí mheán na Gaeilge agus go léireofar an dualgas reachtúil seo san uile phlean straitéiseach a fhorbróidh an Ollscoil. Faoin Acht is ar 'Údarás Rialaithe agus Uachtarán an Choláiste' a thiteann sé, trína bhfeidhmeanna féin faoi seach agus trí chur i bhfeidhm a gcumhachtaí féin faoi seach, a chinntiú go ngnóthaítear an bhunaidhm faoi mar atá leagtha amach san Acht.

Ar an mbonn sin, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil cumas sa teanga ag Uachtarán na hOllscoile, tá ceanglas air/uirthi bheith i gceannas ar phobal na hOllscoile agus é ag feidhmiú pholasaí Gaeilge an Stáit agus na hOllscoile go cuimsitheach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.