Written answers
Thursday, 19 January 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cúram agus Oideachas na Luath-Óige
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
182. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go mbeidh dóthain acmhainní ag na naíonraí beaga i gceantair Ghaeltachta atá ar bheagán daonra chun go leanfaidh siad ar aghaidh ag feidhmiú; cé na bearta a bhfuil sé i gceist aici iad a dhéanamh chun an méid sin a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2367/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige saor luathoideachas ar feadh dhá bhliain ar fáil do gach páiste sa tír a dhéanann freastal ar naíonra. Faigheann páistí agus naíonraí na Gaeltachta an soláthar céanna a fhaigheann gach páiste agus naíonra ar fud na tíre.
Is faoi Údarás na Gaeltachta go príomha a thagann cúram na hearnála réamhscolaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht. Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil é Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe dó, lena n-áirítear an earnáil réamhscolaíochta. É sin ráite, as an allúntas d’fhorbairt teanga a chuireann mo Roinn ar fáil don Údarás gach bliain, tuigtear dom go gcuireann an tÚdarás soláthar bliantúil ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo, a chinntíonn go bhfuil seirbhís luathoideachais agus bainistíochta á cur ar fáil ar bhonn ghairmiúil agus leanúnach sa Ghaeltacht. As an soláthar sin a chuireann an tÚdarás ar fáil, cuirtear maoiniú ar fáil do na seirbhísí beaga atá lonnaithe i gceantair tuaithe atá ar bheagán daonra, le cinntiú go bhfuil soláthar luathoideachais agus cúraim leanaí ar fáil do na pobail sin.
I dteannta leis an gcistíocht thuasluaite, cuireann mo Roinn féin cúnamh ar fáil chomh maith - idir reatha agus chaipiteal - chun tacú leis an earnáil, tríd an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoileagus an Clár Áiseanna Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne.
No comments