Written answers
Tuesday, 17 January 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cuanta agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
767. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht i bhfianaise an méid ama a thógann sé pleanáil a dhéanamh ar chéanna idir staidéir chomhshaoil agus an phleanáil féin, an bhfuil iarratas déanta ar Chomhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis an bpleanáil ar an gcéad chéim eile de Ché Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41883/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a míníodh i bhfreagraí ar cheisteanna éagsúla ar an ábhar seo anuraidh, níl na hacmhainní ag mo Roinn faoi láthair chun maoiniú a dhéanamh ar Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin. É sin ráite, mar thoradh ar na cruinnithe a bhí agam le hionadaithe poiblí an cheantair, le hoifigigh ó mo Roinn fhéin agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe tá iarrtha agam ar an Roinn dul i dteagmháil arís leis an gComhairle Chontae maidir leis an réamh-obair a bheidh i gceist i mbliana chun an fhorbairt ar Chéim III a thabhairt chun cinn.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
768. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard é an staid reatha maidir le forbairt na cé ar Inis Oírr; céard iad na bearta a chaithfear a dhéanamh sula lorgófar tairiscintí don togra; cén uair atáthar ag súil go mbeifear réidh le tairiscintí a lorg don togra seo; céard é an caiteachas measta ar an togra i mbliana ó thaobh na Roinne de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41884/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le seachtain anuas, tionóladh cruinniú idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an fhorbairt atá beartaithe ag Cé Inis Oírr a phlé. Táthar ag súil comhairleoirí a fhostú chun an tionscadal a thabhairt chun cinn agus tairiscintí a lorg don obair thógála in 2017. Ní féidir an caiteachas a dhéanfar ar an togra in 2017 a mheas ag an bpointe seo.
No comments