Written answers
Friday, 16 December 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Clár um Fhorbairt Áitiúil agus Pobail
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
294. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an soláthróidh sí liosta de na hiarratais reatha atá a bpróiseáil ag a Roinn faoi láthair ó Choistí Forbartha agus ó Chomharchumainn i nGealtacht Dhún na nGall mar aon le sonraí na hoibre agus meastacháin ar chostas na hoibre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40604/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sonraí sa table leis seo maidir leis na hiarratais reatha atá á bpróiseáil ag mo Roinnse faoi láthair ó Choistí Forbartha agus ó Chomharchumainn i nGaeltacht Dhún na nGall. Tuigtear don Teachta nach gnáth-nós é eolas maidir leis an gcostas measta a thabhairt de bharr go bhféadadh sé a bheith íogair ó thaobh cúrsaí soláthar poiblí de.
Eagraíocht | Sonraí na hOibre |
---|---|
Halla Naomh Fhionáin - Coiste Forbartha An Fhál Charraigh | Athchóiriú ar an Ionad Pobail |
Áislann Chill Chártha | An halla a uasghrádú |
Coiste Forbartha Chnoc Fola | An carrchlós a athchóiriú |
Coiste Forbartha Phort Arthur | Cosán siúil a fhorbairt |
Ionad Pobail Dhún Lúiche | Athchóiriú ar an Ionad Pobail |
No comments