Written answers

Friday, 16 December 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

289. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é líon na bhfolúntas foirne sa Roinn nach bhfuil líonta go fóill; cad iad na rannóga lena mbaineann siad; cad iad na céimeanna nó na gráid atá i gceist; cén uair ar éirigh na folúntais seo; cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an tríú príomhoifigeach a cheapadh i rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán; cén uair a líonfar na folúntais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40566/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 20 uaidh den 29 Samhain 2016.

Mar a chuir mé in iúl don Teachta, tá trí phost sonrach faoi chaibidil faoi láthair i Ránnán Gaeltachta mo Roinne. Is mar a leanas atá an staid reatha maidir leis na poist sin:

Tá an post mar Stiúrthóir na Gaeilge líonta anois.

Tá painéal curtha ar bun trí chomórtas inmheánach óna ndéanfar ceapacháin mar is cuí ag leibhéal Phríómhoifigigh. Táthar ag súil leis go líonfar post mar Phríomhoifigeach i Rannán na Gaeltachta ón bpainéal sin go luath.

Tá mo Roinn ag breathnú go fóill ar an fhéidearthacht a bhaineann le hOifigeach Feidhmiúcháin a thrasaistriú chuig an oifig sna Doirí Beaga.

Níl aon chinneadh déanta go dtí seo maidir leis an tríú Príomhoifigeach a cheapadh do Rannán na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.