Written answers

Tuesday, 13 December 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Rannach

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

411. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon iomlán clubanna óige atá cláraithe le hÓige na Gaeltachta Teo. sna limistéir Ghaeltachta éagsúla ó 2013 i leith nuair a aistríodh obair Óige na Gaeltachta go dtí Muintearas Teo. agus an gcuirfidh sí an t-eolas seo ar fáil agus é briste síos de réir líon Bhallraíocht A agus líon Bhallraíocht B; céard í an tsuim airgid atá íoctha, i gcomhair ballraíochta, ag gach club a luaitear thuas, ón mbliain 2013 i leith; an bhféadfaí taifead agus miondealú cuimsitheach a thabhairt ar na suimeanna airgid a sholáthair Óige na Gaeltachta Teo., agus Óige na Gaeltachta faoi choimirce Muintearas Teo., aisti féin do gach club as Tír Chonaill; an bhféadfaí taifead agus miondealú cuimsitheach a thabhairt ar an deontas iomlán airgid atá soláthartha ag Ranna Stáit d’Óige na Gaeltachta Teo. agus d’Óige na Gaeltachta faoi choimirce Muintearas Teo. as an státchiste ón mbliain 2013 i leith; an bhféadfaí taifead cuimsitheach a fháil ar an gcaoi ar caitheadh na deontais iomlána airgid thuasluaite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40075/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar go bhfuil eolas cuimsitheach iarrtha ag an Teachta, tuigfidh sé nach bhfuil sé indéanta an t-eolas seo a chur le chéile laistigh den amscála atá ar fáil.

Tá iarrtha ar Údarás na Gaeltachta an t-eolas ábhartha a chur ar fáil laistigh den amscála atá leagtha síos sna Buanorduithe agus beifear i dteagbháil arís leis an Teachta chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.