Written answers

Tuesday, 6 December 2016

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeilge

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

147. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé sonraí maidir le líon iomlán na ndaltaí atá ag freastal ar iarbhunscoileanna Gaeltachta agus atá ag fáil díolúine ón nGaeilge ó thaobh scrúduithe stáit de; an dtabharfaidh sé briseadh síos ar líon na ndaltaí i ngach iarbhunscoil Ghaeltachta faoi leith a bhfuil an díolúine sin acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38477/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon cheanglas ann scrúdú a dhéanamh i nGaeilge mar chuid de na scrúduithe stáit don Teastas Sóisearach nó don Ardteistiméireacht. Mar sin féin, is gá do dhaltaí atá rollaithe i mbunscoileanna atá aitheanta ag an Roinn seo staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge, seachas sa chás go bhfuil díolúine ag an dalta ó dhéanamh amhlaidh.

I gcora eisceachtúla, féadfar díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag an leibhéal iar-bhunscoile a dheonú de réir imlitir M10/94 ón Roinn. Tá socruithe den chineál céanna i bhfeidhm ag an leibhéal bunscoile de réir imlitir 12/96 ón Roinn. Leanadh díolúintí a deonaíodh roimhe sin de bheith i bhfeidhm tar éis don dalta aistriú idir scoileanna nó aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.

Is ann do 28 iar-bhunscoil sa Ghaeltacht a raibh 6,212 dhalta san iomlán rollaithe iontu sa scoilbhliain 2015/16. I gcás 204 duine de na daltaí sin, deonaíodh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge dóibh roimhe sin nó deonaíodh díolúine dóibh den chéad uair riamh.

Níl sé beartaithe agam miondealú de réir scoile a thabhairt ar dhaltaí ag a raibh díolúintí mar go bhfuil na figiúirí do na daltaí lena mbaineann chomh beag sin go bhféadfadh go n-aithneofaí daltaí aonair de thimpiste. 

Is mar a leanas atá an miondealú ar na díolúintí a bhí ag daltaí sna 28 scoil sin sa scoilbhliain 2015/16:-

Ní raibh dalta ar bith ag a raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag 13 scoil.

Bhí dalta amháin ag a raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag 7 scoil.

Bhí triúr daltaí ag a raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag scoil amháin.

Bhí idir 10 daltaí agus 15 dhalta ag a raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag 2 scoil.

Bhí idir 25 dhalta agus 45 dalta ag a raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ag 5 scoil.

De na hocht scoil ag a raibh triúr daltaí nó níos mó ag a raibh díolúintí, is trí mheán an Bhéarla amháin a theagascann sé cinn agus teagascann an dá scoil eile roinnt daltaí trí mheán an Bhéarla.

Ceadaítear díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge de réir na soláthairtí atá luaite in Imlitir M10/94, ar a n-áirítear:

- daltaí a fuair oideachas go dtí aon bhliain déag (11) d’aois i dTuaisceart na hÉireann nó lasmuigh d’Éireann

- daltaí a bhí cláraithe cheana féin mar dhaltaí aitheanta i mbunscoil nó in iar-bhunscoil agus iad ag athchlárú tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar an gcoinníoll go bhfuil tréimhse 3 bliana ar a laghad ón uair dheireanach a cláraíodh an dalta sa Stát, agus go bhfuil aon bhliain déag, ar a laghad, slánaithe ag an dalta agus

- catagóirí áirithe de dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

As an 28 scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht

- tá 20 scoil ag teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge

- tá 6 scoil ag teagasc go hiomlán trí mheán an Bhéarla

- tá 2 scoil ina ndéantar roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla.

Mar a léiríonn na sonraí, cás eisceachtúil a bhíonn ann nuair a bhíonn díolúine ón nGaeilge ag dalta a bhíonn ag freastal ar scoil sa Ghaeltacht ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge, ach d’fhéadfadh a leithéid tarlú.

Baineann an díolúine le staidéar na Gaeilge ach ní díolúine ó pholasaí teanga na scoile a bhíonn i gceist.

D’fhéadfadh go raibh díolúine faighte ag dalta i scoileanna ina raibh sé/sí cheana. Ina lán ceantair Ghaeltachta, áfach, d’fhéadfadh – i ngeall ar iargúltacht an cheantair - nach bhfuil rochtain ag an dalta ach aon iar-bhunscoil amháin.  Oibreoidh scoileanna i gcomhpháirt le daltaí chun a gcumas Gaeilge a fheabhsú ach beidh sé mar rogha ag an dalta gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar má bhíonn díolúine aige/aici. Mar shampla, daoine atá tagtha go hÉireann as an nua agus nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu, nó daltaí le riachtanais speisialta oideachais.

Mar thoradh ar athruithe sa daonra tá roinnt mhaith daoine a bhfuil cónaí orthu anois sa Ghaeltacht agus nach í an Ghaeilge an mháthairtheanga acu, mar shampla, daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte chathair na Gaillimhe, agus na bruachbhailte sin lonnaithe sa Ghaeltacht. D’fhéadfadh, freisin, roinnt daoine atá tagtha go nua go hÉireann a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.