Written answers

Tuesday, 29 November 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é líon na bpleananna teanga atá i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana; cad é líon na gcomhlachtaí poiblí nár réitigh aon phlean go dáta; cad é an líon pleananna teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí i mbliana faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [37357/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá próiseas leanúnach ar siúl faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a fheabhsú. Maidir le haontú scéimeanna teanga a thagann faoin Acht, is fúmsa, mar Aire, atá sé scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí. Ón uair a tháinig an tAcht i bhfeidhm, tá dul chun cinn céimnithe déanta chun scéimeanna teanga a dhaingniú. Aontaíodh 19 scéim teanga i mbliana, ina n-airítear 9 chéad scéim, 6 dara scéim agus 4 tríú scéim. Go dáta, tá 116 scéim teanga i bhfeidhm san iomlán, a chlúdaíonn 119 comhlacht poiblí. Déantar scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí ar bhonn céimnithe agus tá plé gníomhach ar siúl le 117 comhlacht poibli faoi lathair chun scéimeanna teanga a aontú leo, ar a n-áiritear 60 comhlacht a bhfuil scéim le hathnuachan acu agus 57 comhlacht nár réitigh scéim teanga go fóill leo ach gur eisíodh litir chucu faoi alt 11 den Acht.

Clúdaíonn na scéimeanna teanga atá daingnithe mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an bpobal leo ar bhonn rialta, lena n-áirítear Ranna agus oifigí Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad.

Tá 47 scéim teanga i bhfeidhm le níos mó ná trí bliana ach, mar is eol don Teachta, fanann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndéantar athnuachan air, cibé acu is déanaí. Tá mo Roinn lán-tiomanta na gealltanais a neartú agus a láidriú sna dara agus tríú scéimeanna teanga chun na seirbhísí atá ar fáil tr í mheán na Gaeilge a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.