Written answers

Tuesday, 29 November 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

52. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta aici maidir leis an gconradh nua don tseirbhís aeir go dtí oileáin Árann; cad é an staid go dáta maidir leis na pléití faoin tseirbhís do phaisinéirí báid go hÁrainn. [37354/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an seirbhís aeir d’Oileáin Árann, mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana ar siúl le tamall anuas faoi stiúir an tOifig um Sholáthar Rialtais. Tá na tairiscintí a fuarthas don t seirbhís á mheas faoi láthair. Ach an próiseas sin a bheith curtha i gcrích, déanfar fógra maidir le toradh an chomórtais. Maidir leis an seirbhís farantóireachta paisinéirí d’Árainn, is eol don Teachta go bhfuil fógra eisithe ag an gcomhlacht farantóireachta atá ag cur na seirbhíse ar fáil go bhfuiltear le tarraingt siar ón tseirbhís le héifeacht ó 1 Nollaig 2016. Tá mé féin agus mo chuid feidhmeannaigh gníomhach, feadh ár gcumais, chun cabhrú le réiteach a fháil ar na ceisteanna a mhaíonn an comhlacht a chuir faoi ndeara dóibh an fógra úd a dhéanamh. Mar is eol don Teachta, bhí cruinnuithe agam le deireanaí le comhairleoirí agus ionadaithe poiblí áitiúla, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hionadaithe ó phobal an oileáin, inar pléadh an t-ábhar seo agus na féidearthachtaí chun dul chun cinn a dhéanamh. Leanfaidh mo Roinn se ag scrúdú na roghanna atá oscailte di agus oibreoidh sí leis na scairshealbhoirí uile d’fhonn cabhrú le réiteach a fháil a chinnteoidh go mbeidh seirbhís ar fáil don oileán tar éis 1 Nollaig 2016, ag aithint, ar ndóigh, go bhfuil ról suntasach ag Comhairle Contae na Gaillimhe sna cúrsaí seo uile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.