Written answers
Tuesday, 29 November 2016
Department of Education and Skills
Riachtanais Speisialta Oideachais
Carol Nolan (Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
212. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le cén uair a chuirfidh an Roinn maoiniú breise ar fáil chun áiseanna agus seomraí breise a sholáthar do scoil Tí Nan Dooley ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, ionas gur féidir leo an curaclam iomlán a sholáthar do na daltaí ansin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37326/16]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú gur chuir an scoil a ndearna an Teachta Dála tagairt di iarratas ar chóiríocht bhreise faoi bhráid mo Roinne. Ta soiléiriú maidir leis an iarratas iarrtha ag mo Roinn ar an scoil. Nuair atá an t-eolas seo faighte againn déanfar an t-iarratas a bhreithniú tuilleadh agus cuirfear cinneadh in iúl don scoil.
No comments