Written answers

Tuesday, 8 November 2016

Department of Social Protection

Clár na mBéilí Scoile

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

211. To ask the Minister for Social Protection an ndéanfar breithniú ar iarratas atá fós le cur isteach ag scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí tugtha) chun bheith páirteach i Scéim na mBéilí Scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33264/16]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann clár na mbéilí scoile maoiniú ar fáil chun seirbhísí bia a sholáthar do scoileanna agus d’eagraíochtaí, rud a théann chun tairbhe do bhreis agus 200,000 leanbh ar chostas iomlán €42 mhilliún sa bhliain 2016. D’fhógair mé, mar chuid de Cháinaisnéis na Bliana 2017, €5.7 milliún sa bhreis i dtaca leis na béilí scoile, rud a mhéadaigh an maoiniú go dtí €47.7 milliún.

Is é is cuspóir leis an scéim ná bia cothaitheach rialta a chur ar fáil do leanaí nach mbíonn in ann leas iomlán a bhaint as an oideachas a sholáthraítear dóibh, de dheasca easpa bia ardchaighdeáin. Tá tosaíocht ó thaobh na n-iarratas nua ar an maoiniú tugtha do scoileanna atá mar chuid de thionscnamh na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna faoi mhíbhuntáiste “An Comhionannas Deise sna Scoileanna a Sheachadadh” (DEIS) i gcomhréir le Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile. Cuireann an maoiniú breise a tugadh i gCáinaisnéis na Bliana 2017 soláthar áirithe ar fáil i leith shíneadh na scéime go dtí clubanna bricfeasta i scoileanna nach den DEIS iad ó Mheán Fómhair 2017.

Bainfidh breis agus 50,000 leanbh tairbhe as an maoiniú méadaithe i dtaca le clár na mbéilí scoile, ina gcuirfear bricfeastaí agus lónta ar fáil, agus a mhéadóidh de €5.7 milliún go dtí €47.7 milliún sa bhliain 2017. As an méid seo, cuirfear tuairim agus 35,000 bricfeasta scoile sa bhreis ar fáil i scoileanna nach den DEIS iad ó thús na scoilbhliana nua sa bhliain 2017.

Ós rud é nach scoil DEIS í an scoil ar thagair an Teachta di, ní féidir í a bhreithniú ó thaobh mhaoiniú na mbéilí scoile i leith na bliana acadúla reatha. Tá na roghanna ó thaobh maoiniú a chur ar fáil do scoileanna nach den DEIS iad i leith na chéad scoilbhliana eile á scrúdú ag oifigigh mo Roinne.

Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an scéal don Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.