Written answers
Wednesday, 2 November 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
272. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén plé a bhí ag a Roinn le RTÉ maidir leis an bplean gníomhaíochta don Ghaeilge; an bhfuil sé beartaithe ag a Roinn airgead a chur ar fáil don phlean seo agus, má tá, cé mhéad airgid atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32979/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar 28 Meitheamh 2016, cheadaigh mé deontas de €70,000 in aghaidh na bliana thar thréimhse trí bliana do RTÉ chun tacú leis an eagraíocht réimse gníomhartha digiteacha ina Plean Gníomhaíochta Gaeilge a chur i bhfeidhm.
Cuirfidh na gníomhartha atá beartaithe sa phlean go mór le seirbhísí RTÉ ar-líne, go háirithe i réimsí na foghlama ar-líne, na seirbhísí do ghasúir, do dhaltaí scoile agus do mhic léinn ollscoile in Éirinn agus thar sáile. Tá mé sásta go gcuirfidh na gníomhartha seo le feiceálacht na Gaeilge ar RTÉ agus go luíonn siad isteach go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
No comments