Written answers
Thursday, 27 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
114. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil cúnamh ar fáil le ranganna Gaeilge a chur ar siúl in áit (sonraí tugtha); má tá, cén eagraíocht ar cheart teagmháil a dhéanamh léi faoi seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32054/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cuid de na bailte fearainn sa Thoghroinn Cheantair atá luaite ag an Teachta laistigh den Ghaeltacht. Sa chás sin, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fáil ó Údarás na Gaeltachta, a bhfuil scéim ar leith acu chun tacú le heagraíochtaí agus le coistí i ndáil le ranganna Gaeilge a eagrú sa Ghaeltacht.
Más ranganna lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta atá i gceist, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fail ó Fhoras na Gaeilge agus ó na ceanneagraíochtaí cuí faoina scáth, eadhon, Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na nGael.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí thuasluaite ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas: Údarás na Gaeltachta, www.udarasnagaeltachta.ie; Foras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie; Conradh na Gaeilge, www.cnag.ie; Gael-Linn, www.gael-linn.ie; Glór na nGael, www.glornangael.ie.
No comments