Written answers

Tuesday, 25 October 2016

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéimeanna Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

517. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth ar gearradh pionós traschomhlíonta 100% faoin scéim buníocaíochta nó faoi scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha do 2016 ar fheirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); an ndéanfaidh sé na sonraí faoin bpionós sin a chur in iúl; céard iad na scéimeanna ar fad a bhfuil an feirmeoir páirteach iontu agus a mbeidh tionchar ag an bpionós sin orthu; an bhfuil an feirmeoir fós in ann achomharc a dhéanamh in aghaidh an phionóis seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31788/16]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an duine ainmnithe iarratas isteach ar Íocaíocht Bhunúsach/Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2016 ar an 12 Aibreán 2016.

Roghnaíodhgabháltas an duine ainmnithe le haghaidh cigireacht um Rialachán Níotráití Údarás Áitiúila dhéanann mo Roinnse thar ceann na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil.  Chomhaontaigh an duine ainmnithe leis an Oifigeach Cigireachta go ndéanfaí an chigireacht ar an  7ú Márta 2016. Nuair a tháinig an tOifigeach Cigireachta ar an ngabháltas ar an 7ú Márta chun tabhairt faoin gcigireacht, dhiúltaigh an duine ainmnithe don  chigireachtdul ar aghaidh. Deir na rialacháin AE a rialaíonn íocaíochtaí faoi na Scéimeanna Íocaíochta Dírí agus na bearta maidir leis an gClár Forbartha Tuaithe, sa chás go gcuireann iarratasóir cosc ar chigireacht a chur i gcrích, go ndiúltófar a iarratas ar chúnamh.   De bharr nár chomhoibrigh an duine ainmnithe leis an gcigireacht seo cuireadh pionós traschomhlíonta 100% i bhfeidhm lena íocaíochtaí 2016. Cuireadh an cinneadh seo in iúl don duine ainmnithe ar an 30ú Márta 2016, chomh maith leis an gceart atá ag an duine ainmnithe achomharc ar an gcinneadh a lorg. Tuigim nach bhfuarthas iarraidh air sin go dtí seo.

Sa chás nach mbeidh an duine ainmnithe sásta le toradh aon achomhairc den sórt sin, is féidir achomharc faoin gcinneadh a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Talmhaíochta neamhspleách laistigh de 3 mhí. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.