Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

34. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ós rud é go ndúirt an Rialtas in 2007 go raibh siad ag glacadh le moltaí an SCT, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta, an bhfuil sé ar intinn acu na moltaí tábhachtacha a chur i bhfeidhm; go háirithe an bhfuil an moladh maidir le SLG, Scéim Labhairt na Gaeilge, a fhorbairt agus a fheabhsú le cur i bhfeidhm; cén costas a bhainfeadh le moltaí an SCT a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31150/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, bhí sé ar cheann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáidna Gaeilge sa Ghaeltacht 2007go mbunófaí próiseas pleanála teanga faoina dtabharfaí an deis do phobail labhartha na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun a bheith lárnach in ullmhú agus i bhfeidhmiú pleananna teanga i gcomhréir le riachtanais shainiúla an cheantair i gceist. Ar mhaithe le feidhm reachtúil a thabhairt don phróiseas sin i gcomhréir lena raibh molta sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, achtaíodh Acht na Gaeltachta in 2012 ina leagtar amach próiseas faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú agus á bhfeidhmiú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge. Tá obair idir lámha ag mo Roinn ar bhonn leanúnach , i gcomhar le h Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge araon , chun an p róiseas pleanála teanga sin a bhrú chun cinn.

Maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge, ar tháinig deireadh l éi in 2011, dírím aird an Teachta ar an gClár Tacaíochta Teaghlaigh a seoladh i mí Aibreáin 2012 le teacht in áit Scéim Labhairt na Gaeilge. Tá sé mar cheann de phríomh-aidhmeanna an C hláir ná tacú le teaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.  Mar léargas ar chuid de na beartais atá curtha i bhfeidhm nó idir lámha faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh , luafainn go sonrach:

- An tionscnamh faoin bhfuil pacáiste teanga forbartha agus á chur ar fáil do theaghlaigh óga atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Ó cuireadh tús leis an tionscnamh ceithre bliana ó shin, tá breis agus 4,800 pacáiste teanga dáilte atá comhdhéanta de leabhair, dlúthdhioscaí agus DVDanna chomh maith le leabhrán le comhairle phraiticiúil faoin ábhar. Ina theannta sin scaiptear leathán eolais faoin tionscnamh tríd na seirbhísí máithreachais a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta ar mhaithe le feasacht a chothú i measc an phobail faoi na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge.

- An Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile, ar cuireadh tús léi in 2014 agus atá á riar ag mo Roinn, faoina gcuirtear cúnamh ar fáil do sheirbhísí áirithe réamhscoile sa Ghaeltacht le cumasú dóibh gníomhaíochta faoi leith a chur ar bun ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le teaghlaigh óga na Gaeltachta ó thaobh na Gaeilge de. Is fiú a lua chomh maith céanna an maoiniú suntasach atá á chur ar fáil ag mo Roinn don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachtale cabhrú leo deiseanna saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh óga.

- I dteannta leis an méid sin, tá forbairtí éagsúla déanta le tamall de bhlianta anuas faoi scáth an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh chun barr feabhais a chur ar Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid mo Roinne. I measc na bhforbairtí atá déanta ar an scéim, tá tacaíochtaí breise curtha ar fáil do na cúntóirí Teanga, chomh maith le deiseanna breise saibhrithe teanga faoin scéim.

Mar gheall ar an leithdháileadh breise atá curtha ar fáil faoi Cháinaisnéis 2017 do na scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta, gan trácht ar gcistíocht bhreise atá ar fáil go sonrach le cabhrú le cur i bhfeidhm na Straitéise, táim sásta go mbeifear in ann leanúint ar aghaidh go bisiúil ag tacú mar is cuí le cur chun cinn na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhréir le haidhmeanna na Straitéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.