Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

32. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil a Roinn ag athnuachan seanscéimeanna trí na gnéithe is dúshlánaí a bhaint agus, mar sin, an bhfuil a Roinn ag simpliú na seanscéimeanna sin. [31144/16]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

40. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid scéim Gaeilge atá comhaontaithe ag a Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le heagraíochtaí éagsúla go dtí seo i mbliana agus cé mhéid scéim Gaeilge atá fós le hathnuachan. [31145/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 32 and 40 together.

Tá próiseas leanúnach ar siúl faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a fheabhsú. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Ag díriú go sonrach ar athnuachan na scéimeanna teanga, tá mo Roinn lán-tiomanta na gealltanais a neartú agus a láidriú sna scéimeanna teanga chun na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú . Ar ndóigh, t á sé aitheanta go bhfuil dúshláin ag baint leis an phróiseas chun scéimeanna teanga a aontú, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú fós ar acmhainní. Maidir le haontú scéimeanna teanga atá faoin Acht, is fúmsa, mar Aire, atá sé scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí. Go dáta i mbliana, tá 15 scéim teanga daingnithe agus ina iomlán tá 115 scéim teanga i bhfeidhm , a chlúdaíonn 118 comhlacht poiblí. Clúdaíonn na scéimeanna teanga sin mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an phobal leo ar bhonn rialta, len a n-áirítear ranna agus oifigí S táit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad.

Tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 126 comhlacht poibli faoi lathair chun scéimeanna teanga a aontú leo – ina measc siúd tá 60 comhlacht a bhfuil scéim le hathnuachan acu. Ar ndóigh, fanann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndéantar athnuachan air, cibé acu is déanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.