Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Soláthar Aersheirbhísí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

190. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard iad na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe le haersheirbhís a chur ar fáil chuig Oileáin Árann; cé na huastáillí atá ann faoin gconradh reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31310/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana maidir le haersheirbhís d’Oileáin Árann ar siúl faoi láthair. Mar chuid den phróiseas sin, foilsíodh Iarratas ar Thairiscint inar leagadh amach na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe. Tá na huastáillí sin mar aon leis na huastáillí atá i bhfeidhm faoin gconradh reatha leagtha amach sa tábla thíos:

CATAGÓIR UASTÁILLE FAOIN GCONRADH BEARTAITHE UASTÁILLE FAOIN GCONRADH REATHA
Gnáth
Oileánach €40.25 €35.00
Eile €60.50 €55.00
Mac Léinn (Faoi 26)
Oileánach €27.60 €24.00
Eile €50.05 €45.50
Faoi 18
Oileánach €27.60 €24.00
Eile €34.10 €31.00

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.