Written answers
Thursday, 20 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Tionscadail Oidhreachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
166. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé de rún aici reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach chun cosaint níos fearr a thabhairt do shuímh ina bhfuil oidhreacht thógtha lonnaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31307/16]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mé sásta go bhfuil an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, éifeachtach ó thaobh ár n-oidhreacht thógtha a chosaint. Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag mo chuid oifigigh ar fheidhmiú an Achta, a mhéid a bhaineann sé leis an gcosaint seo. Go ginearálta, bíonn athruithe ar an reachtaíocht pleanála faoi chaibidil leanúnach ag mo Roinnse agus an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
No comments