Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

24. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir léi soiléiriú agus míniú a thabhairt maidir leis an laghdú 9% ó thaobh na teanga, na Gaeltachta agus na n-oileán de; cé na heagraíochtaí agus na scéimeanna a bheas thíos leis an laghdú seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31148/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá suim bhreise de €2.25m san iomlán curtha ar fáil i mBuiséad 2017 do Chlár Gaeilge, Gaeilge agus Oileánda mo Roinne. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil i mBuiséid 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséid 2016. Anuas ar sin, tá allúntas breise de €2.4m i gcaipitil á chur ar fáil agam don Údarás i 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg maoiniú caipitil breise don Údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an tsuim bhreise de €1. 25m a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi Bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta. 

Sna Meastacháin do 2017, a d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe le deireanas, tá leithdháileadh de €46.736m ina iomláine don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i g comparáid le €51.21m do 2016.  Don chuid is mó, baineann an difríocht sa dá fhigiúr le laghdú ar an leithdháileadh caipitil le haghaidh 2017.  Bhí leithdháileadh de €6m ar fáil in 2016 d’oibreacha forbartha ar Ché Inis Oírr - nach raibh réidh le tosú i mbliana - ach is suim €2m atá curtha ar fáil do 2017.  Táim sásta gur leor an leithdháileadh sin chun an tionscadal a bhrú ar aghaidh in 2017 agus, ar ndóigh, beidh leithdháileadh eile ar fáil don tionscadal in 2018.  Chomh maith leis sin, bhí soláthar caipitil de €1.9m curtha ar fáil i meastacháin 2016 chun Ionad Chultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a fhorbairt. Beidh an togra sin críochnaithe i mbliana agus níl gá le soláthar a dhéanamh ina leith in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.