Written answers
Thursday, 20 October 2016
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
22. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad scéim teanga atá séanta aici. [31133/16]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta , tá na forálacha a bhaineann le scéimeanna a dhaingniú sonraithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Maidir le dualgas an Aire i dtaca le scéim a dhaingniú, forálann alt 14(1) den Acht mar a leanas: "Ar chomhlacht poiblí do thíolacadh dréacht-scéime don Aire, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, an dréacht-scéim a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi. ”
Ón uair a tháinig an tAcht i bhfeidhm , tá dul chun cinn céimnithe déanta chun scéimeanna teanga a dhaingniú . Go data, tá 115 scéim teanga i bhfeidhm , a chlúdaíonn 118 comhlacht poiblí , agus tá plé gníomhach ar siúl le 126 comhlacht eile.
Ar ndóigh, t á sé aitheanta go bhfuil dúshláin ag baint leis an phróiseas chun scéimeanna teanga a aontú, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú fós ar acmhainní. Bíonn c omhoibriú dearfach agus plé gníomhach idir mo Roinn se agus n a comhlachtaí poiblí nó páirtithe leasmhara eile a bhíonn i bun dréachtscéimeanna a ullmhú. Tá an nósmhaireacht ann go mbíonn idirphle cuimsitheach curtha i gcrích idir mo Roinn agus an comhlacht poiblí sula n d aingnítear aon scéim teanga ar leith. Sa chomhthéacs sin, ní raibh gá le scéim a shéanadh nó a dhiúltú go dáta.
No comments