Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

16. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ag diúltú maoiniú a dhéanamh ar an bplean infheistíochta, a comhaontaíodh idir 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san áireamh, ós rud é go bhfuil sé soiléir ón mbuiséad nach bhfuil na hacmhainní cuí á gcur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31146/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta , is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir.  Sna Meastacháin do 2017, a d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe le deireanas, tá leithdháileadh de €46.736m ina iomláine don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i gcomparáid le €51.21m do 2016.  Don chuid is mó, baineann an difríocht sa dá fhigiúr le laghdú ar an leithdháileadh caipitil i ndáil le hIonad Chultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc agus na hoibreacha forbartha ar Ché Inis Oírr.

É sin ráite, t á suim bhreise de €2.25m san iomlán curtha ar fáil i mBuiséad 2017 do Chlár Gaeilge, Gaeltacht agus Oileánda mo Roinne.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil i mBuiséid 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséid 2016. Anuas ar sin, tá allúntas breise de €2.4m i gcaipitil á chur ar fáil agam don Údarás i 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg maoiniú caipitil breise don Údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an t suim bhreise de €1. 25m a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi Bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta. 

Ar ndóigh, is soláthar airgid sealadach atá curtha ar leataobh ón Státchiste trí phróiseas na Meastachán sa dlínse seo d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga. Ar ndóigh, bíonn cómhaoiniú ó thuaidh agus ó dheas i gceist do na forais trasteorann uile agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad do na forais sin , Foras na Gaeilge san áireamh.

Cé nach miste a admháil gur plean uaillmhianach atá curtha le chéile ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta - atá ag lorg ollmhaoiniú breise thart ar €5m i 2017 agus €30m thar an tréimhse 2018-2019 - tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.