Written answers

Thursday, 20 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

45. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta go mbeidh a thuilleadh ciorruithe ar scéimeanna Fhoras na Gaeilge in 2017 ós rud é nach ndearnadh aon mhéadú ar an maoiniú dóibh i mBuiséad 2017 agus gurb airde costais an bhliain seo chugainn nuair a chuirfear breisithe tuarastail foirne agus costais is airde trádála ginearálta san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31147/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh 329 agus 330 ar 11 Deireadh Fómhair 2016.

Is soláthar airgid sealadach atá curtha ar leataobh ón Státchiste trí phróiseas na Meastachán sa dlínse seo d’Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga. Ar ndóigh, bíonn cómhaoiniú ó thuaidh agus ó dheas i gceist do na forais trasteorann uile agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad do na forais sin, Foras na Gaeilge san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.