Written answers

Tuesday, 18 October 2016

Department of An Taoiseach

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

130. To ask the Taoiseach cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30062/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

131. To ask the Taoiseach an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30063/16]

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba cheart a thabhairt ar aird go mbaineann formhór obair mo Roinne leis an Rialtas, le Ranna Rialtais agus le Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Mar thoradh air sin, ní bhíonn aon éileamh mór ag an bpobal ar ár gcuid seirbhísí i nGaeilge.

É sin ráite, aithníonn mo Roinnse an tábhacht atá le roinnt ball foirne a bheith sa Roinn atá líofa sa Ghaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Go deimhin, deirtear i gCairt Chustaiméirí mo Roinne go ndéanfar freastal ar chustaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá curtha in iúl ag roinnt ball foirne atá ag obair i mo Roinn go bhfuil siad inniúil i nGaeilge agus go bhfuil siad in ann leibhéil éagsúla seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Tá cúigear ball foirne sainaitheanta chun an tseirbhís seo a chur ar fáil.

Ag teacht le beartas an Rialtais, sonraítear i Scéim Teangacha Oifigiúla mo Roinne 2016-2019 (faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla) dhá Phost a bhfuil Gaeilge ag teastáil ina leith - ceann amháin i m'Oifig Phríobháideach agus ceann eile i bPreas-Oifig an Rialtais. Tá an dá phost líonta faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.