Written answers
Thursday, 13 October 2016
Department of Finance
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
32. To ask the Minister for Finance an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30102/16]
Michael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní mheasann an Roinn go bhfuil gá le poist áirithe a líonadh le cainteoirí Gaeilge toisc nach bhfuil sé riachtanach dúinn é a dhéanamh faoin reachtaíocht.
Ní gnách leis an Roinn seirbhisí a chur ar fáil don phobal go díreach. Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil i nGaelige ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá.
Tabhair faoi deara go ndearnadh suirbhé Teanga agus Cáilíochtaí le linn 2015 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht in nGaelige ag cúig ball foirne. Is ionann sin agus thart ar 1.7% de líon foirne reatha na Roinne.
No comments