Written answers
Thursday, 13 October 2016
Department of Transport, Tourism and Sport
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
169. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30079/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
170. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30094/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
171. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30109/16]
Shane Ross (Dublin Rathdown, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim Ceisteanna Uimh. 169 go 171, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá aon phost amháin i mo Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis agus is é post an Oifigigh Ghaeilge an post sin. Tá roinnt ball foirne sa Roinn atá líofa i scríobh agus labhairt na Gaeilge laistigh den phost seo. Cuireann siad seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin.
Os rud é nach bhfuil post ar bith sa Roinn atá aitheanta ag an Roinn, seachas post an Oifigigh Ghaeilge, mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis chun dualgais an phoist sin a urscaoileadh, ní chuireann an Roinn polasaí earcaíochta chuóta áirithe i bhfeidhm ar an líon iomlán foirne atá oilte ar an nGaeilge agus níl aon sprioc áirithe leagtha amach ag an Roinn i dtaobh an lín sin ach oiread.
No comments