Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

120. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta sna cainteanna idir a Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le forbairt na cé ar Inis Oírr; cén uair atáthar ag súil leis go bhfógrófar an cháipéis iarrtha tairiscintí don togra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30131/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chas oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ó Chomhairle Contae na Gaillimhe lena chéile tamall ó shin maidir leis an ábhar seo. Bhí an cruinniú sin tairbhiúil agus beidh na céimeanna cuí maidir leis an fhorbairt á thógáil ag an gComhairle sa tréimhse romhainn amach. Bheifí ag súil go lorgófaí tairiscintí don obair thógála in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.