Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

116. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30066/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

117. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30081/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

118. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30096/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim Ceisteanna Uimh. 116 go 118, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Níl sprioc ná cuóta sonrach leagtha síos ag mo Roinn maidir leis an líon daoine atá in ann feidhmiú i nGaeilge, agus níl aon fhoráil shonrach sa reachtaíocht maidir le sprioc den sórt sin. Cuireann 54 ball foirne i mo Roinn a gcuid dualgas laethúil i gcrích trí Ghaeilge. Tá baill foirne eile cumasach sa Ghaeilge freisin agus, go deimhin, i gcásanna áirithe is Gaeilgeoirí líofa iad. Anuas ar na poist i mo Roinn féin, tá 6 ball foirne ar iasacht freisin in Oifig an Choimisinéara Teanga faoi láthair.

Is é polasaí mo Roinne úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus í a neartú sa Ghaeltacht chomh maith. Tá sé mar aidhm agam mar Aire a chinntiú go bhfuil líon dóthanach d’fhoireann mo Roinne lánábalta feidhmiú i nGaeilge. Chuige sin, tacaíonn mo Roinn leis an bhfoireann, ar bhonn leanúnach, chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag gach leibhéal inniúlachta. Mar shampla, tugtar suntas ar leith i mo Roinnse don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, ar clár páirtaimseartha é a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cabhrú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.