Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Social Protection

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

91. To ask the Minister for Social Protection cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30078/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

92. To ask the Minister for Social Protection an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30093/16]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 91 agus 92 le chéile.

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tháinig Scéim Gaeilge na Roinne 2015-2018 i bhfeidhm ar an 16ú Márta 2016 agus beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí go ndeimhníonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Tá an Scéim seo, ina leagtar amach tiomantais na Roinne do sheirbhís do chustaiméirí i nGaeilge agus ina gcuirtear in iúl na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne

Faoi láthair tá baill foirne sa Roinn a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge nuair a bhíonn siad de dhíth. Tá athbhreithniú ar bun lena fháil amach líon iomlán na bpost dátheangach fheidhmiúla atá ag teastáil sa Roinn agus leis na baill foirne atá ar a gcumas na poist seo a líonadh a aimsiú. Déanfar na ceapacháin leis na poist dhátheangacha ina bhfuil folúntais a líonadh de réir mar a thagann siad chun cinn trí phróiseas earcaíochta an PAS nuair nach féidir iad a líonadh go hinmheánach. Go dtí seo tá post amháin líonta inar aithníodh go raibh gá le ball foirne dhátheangach a cheapadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.