Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Justice and Equality

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

7. To ask the Minister for Justice and Equality cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30076/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

8. To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30091/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

9. To ask the Minister for Justice and Equality an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30106/16]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 8 agus 9 le chéile.

Mar is eol don Teachta, déantar baill foirne le haghaidh mo Roinne a earcú tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Maidir le hiarrthóirí a shanntar, ní chuirtear eolas faoi inniúlacht teanga na n-iarrthóirí ar fáil do mo Roinn.

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta, áfach, go bhfuil cohórt de bhreis is 40 oifigeach ag mo Roinn, arna tharraingt as acmhainní reatha, atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Ón mbliain 2006 i leith, le tosach feidhme a Scéime Tionscnaimh Gaeilge, tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tar éis 23 cúrsa inmheánach Gaeilge a reáchtáil, idir chúrsaí scríofa agus chúrsaí labhartha, arna gcur in oiriúint do bhaill foirne. Is iad Gaeleagras, Gaelchultúr agus an Foras Riaracháin a reáchtáil na cúrsaí seo, i gcomhthráth le chéile, i roinnt cásanna, in oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne araon. Ina theannta sin, tá an Roinn tar éis tacú le baill foirne ar mhian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh lasmuigh den Roinn, agus le hoifigigh a ghlac páirt i gcúrsa scríofa Gaeilge ar-líne, agus tá sí ag tacú i gcónaí le baill foirne ar mian leo cúrsaí Gaeilge a dhéanamh. Chuaigh oifigeach amháin de chuid na Roinne ar aghaidh chun Céim Mháistreachta sa Ghaeilge a dhéanamh, agus chuaigh oifigeach eile, a bhí tar éis freastal ar roinnt cúrsaí inmheánacha, ar aghaidh chun Céim B.A. sa Ghaeilge a dhéanamh.

Tá post amháin ag mo Roinn chomh maith, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Is é príomhról an Aistritheora Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. I dtaca leis sin táim sásta go bhfuil leorlíon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ag mo Roinn chun freastal ar éilimh a thagann chun cinn.

Mar is eol don Teachta, b’fhéidir, tuigtear dom go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a chur faoi bhráid an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.