Written answers
Thursday, 13 October 2016
Department of Housing, Planning, Community and Local Government
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
77. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30071/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
78. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30086/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
79. To ask the Minister for Housing, Planning, Community and Local Government an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30101/16]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim Ceisteanna Uimh. 77 go 79, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá thart ar 18 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.
Mar chuid dá phleanáil d’ fhórsa saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Dearbhaíodh nach raibh aon phost den chineál seo sa Roinn ag an am agus, mar sin, níl aon chuóta faoi leith le haghaidh daoine a bhfuil cumas feidhmiúil acu sa Ghaeilge aearcú. Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déanfar monatóireacht agus athbhreithniú rialta ar na cúinsí.
No comments