Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Education and Skills

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

53. To ask the Minister for Education and Skills cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30070/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

54. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30085/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

55. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30100/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim Ceisteanna Uimh. 53 go 55, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna.

Tá 24 síceolaí oideachais sa tSeirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 51 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá 48 díobh seo freagrach as scoileanna ina múintear an siollabas trí Ghaeilge. Tá 11 de na cigirí seo freagrach as scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil na scoileanna sin mar chuid den cheantar acu. Ag an mbunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí den chuid is mó. Cuireann foireann na cigireachta iar-bhunleibhéal a cuid seirbhísí ar fáil chomh maith do scoileanna ina múintear an curaclam trí Ghaeilge. Faoi láthair tá dóthain de bhaill foirne proifisiúnta ann atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí proifisiúnta a sheachadadh do na scoileanna i gceist. I dteannta sin tá líon oifigigh riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mhéan na Gaeilge.

Faoi láthair, tá an Roinn in ann na seirbhísí thuas a chur ar fáil trí Ghaeilge áit gur gá. Sa chás go dtiocfadh deacracht chun cinn sna réimsí seo amach anseo, déanfaidh an Roinn machnamh ar chomórtas earcaíochta spriocdhírithe a reáchtáil ag a mbeidh sé riachtanach d'iarratasóir bheith inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla chomh maith leis na critéir ghairmiúla don phost a shásamh. I dteannta sin tá líon oifigigh riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mhéan na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.