Written answers

Wednesday, 12 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

48. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar intinn aici a iarraidh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis an bpleanáil ar na hoibreacha breise a theastaíonn ag Céibh an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29995/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá a fhios ag an Teachta, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chaladh Mhóir. Cé nach bhfuil acmhainní ag mo Roinnse i láthair na huaire chun oibreacha a chuir chun cinn ag an gcé sin, tá iarrtha agam ar mo chuid oifigigh an cheist maidir le réamh-phleanáil don togra a phlé leis an gComhairle Contae.

Ní miste dom a lua gur thug mé cead le déanaí an soláthar €6m a bhí ar fáil do mo Roinnse i mbliana ar mhaithe leis an togra muiroibreacha atá beartaithe d’Inis Oírr a thairiscint do Chomhairle Contae na Gaillimhe d’fhonn réiteach fad-théarmach a fháil ar an bhfadhb stairiúil a bhain le caiteachas breise suntasach a bhí ag seasamh amach i ndáil leis an obair fheabhsúcháin a rinneadh ar chéanna ar Inis Meáin agus ar Árainn le cabhair deontais ó mo Roinn roinnt blianta siar.

Bhí ar mo chumas an chéim sin a ghlacadh nuair ba léir nach mbeadh an tsuim €6m iníoctha i mbliana do thogra Inis Oírr. Táthar ag súil anois go lorgófar tairiscintí don obair thógála ag Inis Oírr in 2017 agus tá soláthar €2m déanta agam sna Meastacháin chuige sin, figiúr a mheastar a bheidh dóthaineach don bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.