Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

336. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil breis agus €41,000 bainte de dheontas Mhuintearais (An tIarthar/An tIarthuaisceart agus Contae na Mí) i leith Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2016/2017 d'ainneoin go bhfuil molta aici 13 scoil bhreise a chur leis an scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29596/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá deontas gur fiú €508,989 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo don scoilbhlian 2016/17 le cumasú dóibh beartais Scéim na gCúntóirí Teanga a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne i nDún na nGall, i gceantar an Iarthair agus i gCo na Mí. Ní raibh aon ghearradh siar déanta san allúntas sin ar an maoiniú don obair a dhéanann na cúntóirí féin ach ní raibh costais riaracháin clúdaithe ann. Tuigtear anois ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist iniúchadh a dhéanamh láithreach ar struchtúr, maoiniú agus feidhmeanna Mhuintearas Teo, fochuideachta de chuid an Údaráis. Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh déanta agam airgead riaracháin a íoc faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhlian 2016/2017 agus beidh socraithe cuí chuige sin á chur i bhfeidhm láithreach.

Maidir le ceist na scoileanna breise atá luaite ag an Teachta, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne moltaí ina thaobh sin a chur faoi mo bhráid go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.