Written answers
Tuesday, 11 October 2016
Department of Social Protection
Clár na mBéilí Scoile
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
277. To ask the Minister for Social Protection maidir le Ceist Dála Uimhir 290 i gcomhair freagra scríofa an 4 Deireadh Fómhair 2016, cad chuige nach i nGaeilge a tugadh freagra an Aire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29815/16]
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is oth liom gur i mBéarla a freagraíodh an Cheist ar thagair an Teachta di. Tá an freagra i nGaeilge leagtha amach sa ráiteas táblach atá faoi iamh leis seo.
Chun a fhiafraí den Aire Coimirce Sóisialaí cad chuige nach bhfuil scoil i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) páirteach i Scéim na mBéilí Scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.
An tAire Coimirce Sóisialaí (Leo Varadkar T.D): Cuireann clár na mbéilí scoile maoiniú ar fáil chun seirbhísí bia a sholáthar do scoileanna agus d’eagraíochtaí, rud a théann chun tairbhe do bhreis agus 200,000 leanbh ar chostas iomlán €42 mhilliún sa bhliain 2016. Is é is cuspóir leis an scéim ná bia cothaitheach rialta a chur ar fáil do leanaí nach mbíonn in ann leas iomlán a bhaint as an oideachas a sholáthraítear dóibh, de dheasca easpa bia ardchaighdeáin.
Tá tosaíocht ó thaobh na n-iarratas nua ar an maoiniú tugtha do scoileanna atá mar chuid de thionscnamh na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna faoi mhíbhuntáiste “An Comhionannas Deise sna Scoileanna a Sheachadadh” (DEIS) i gcomhréir le Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.
Níl an scoil ar thagair an Teachta di sainithe mar scoil a bhfuil stádas DEIS aici agus is oth liom nach féidir aon mhaoiniú a chur ar fáil ag an tráth seo. Ní féidir síneadh le haon scéim atá á riar ag mo Roinn a bhreithniú ach i gcomhthéacs buiséadach.
Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an scéal don Teachta.
No comments