Written answers

Tuesday, 11 October 2016

Department of Education and Skills

Cáilíochtaí Múinteoireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

189. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth ar íslíodh an riachtanas Gaeilge le haghaidh iontráil i gcúrsaí bunmhúinteoireachta i gColáistí Tríú Leibhéal go 50% ó 2017 ar aghaidh d'ainneoin gur mhol Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann go n-ardófaí go 85% é; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29819/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fógraíodh córas úr grádaithe le haghaidh na hArdteistiméireachta in 2015 atá le cur i bhfeidhm ó 2017. Bainfidh an córas úr le daltaí a thosaigh ar an tsraith shinsearach i Meán Fómhair 2015 agus laghdófar líon na ngrád atá ann faoi láthair. Toisc gur cúrsa úr grádaithe a bheith ann is amhlaidh go mbeidh gá le hathrú ar na bunriachtanais iontrála le haghaidh oiliúint tosaigh múinteoirí bunscoile (ITE).

 Mar bheart eatramhach, chun nach mbeidh na daltaí sin a thosaigh an tsraith shinsearach faoi mhíbhuntáiste agus a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2017, glacfar le ‘mapáil’ dhíreach na mbunriachtanas iontrála le haghaidh oiliúint tosaigh múinteoirí le haghaidh na Gaeilge ag Ard-Leibhéal C3 (55-59%) go dtí an córas úr grádaithe H5 (50-59%) atá le glacadh le haghaidh iontrála i Meán Fómhair 2017.

Maidir le comhairle ón gComhairle Mhúinteoireachta, ba chóir don Teachta Dála a thabhairt faoi deara go ndearnadh roinnt forbairtí ó rinne an Chomhairle na moltaí, a ndearna seisean tagairt dóibh, agus a foilsíodh i 2011. Is í an tuiscint atá agam ná gur thug an Chomhairle ina dhiaidh sin faoi phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus gur choimsiúnaigh siad tuarascáil tríd an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Mar bharr ar an tuarascáil sin, shocraigh an Chomhairle ar chomhairle agus chuir siad í sin faoi bhráid mo Rannóige. Tá breithiúnas á dhéanamh i láthair na huaire ar an gcomhairle sin agus, sa chomhthéacs sin, déanfar athbhreithniú ar an seasamh iomlán maidir le bunriachtanais iontrála ó 2018 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.