Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Environment, Community and Local Government

Cóid Phoist

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

239. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an síleann sé gur chóir go mbeadh gach rud a bhaineann le seirbhísí cumarsáide, fuinnimh agus acmhainní nádúrtha faoi chúram na Roinne Gaeltachta, cibé ábhar atá ann, agus nach bhfuil aon fhreagracht air as rud ar bith a bhaineann leis an teanga, ar nós réiteach ar fhadhbanna maidir le seoltaí Gaeilge sa chóras nua Eircode a mhaoiniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28971/16]

Photo of Denis NaughtenDenis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í aidhm na scéime teanga 2014-2017 a bhí ullmhaithe ag an Roinn seo ná na seirbhísí atá á soláthar trí Ghaeilge a choimeád agus a fheabhsú.  

Níl sé éigeantach Eircode a úsáid; úsáidtear ar bhonn deonach é, agus níl aon riachtanas na seoltaí atá ann cheana a thiontú ó Ghaeilge go Béarla, nó a mhalairt. Go bunúsach, cuirtear an cód leis an seoladh, cé acu i nGaeilge nó i mBéarla. Seachas cóid cheantracha de chuid Bhaile Átha Cliath, is neodrach é gach uile Eircode ó thaobh suímh de. Is é sin le rá, meastar an cód seacht ndigit mar sonra, seachas mar theanga. Tá na heagraíochtaí Gaeilge sásta leis an gcur chuige seo.

I gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge, tá litreacha dátheangacha agus ábhar bolscaireachta dátheangach curtha amach ag Eircode. Tá foireann dhátheangach fostaithe sa lárionad glaonna Eircode, leis, chun ceisteanna an phobail a fhreagairt trí Ghaeilge.

Tarraingítear seoltaí atá sa bhunachar sonraí Eircode – seoltaí Gaeilge ina measc – go díreach ón mbunachar sonraí GeoDirectory, atá curtha ar fáil d’Eircode faoi cheadúnas ag An Post GeoDirectory (APG). Mar chomhlacht ainmnithe faoin Acht 2003, is é cúram d’An Post an scéim sin a riar. Tá sé curtha in iúl don Roinn ag APG go bhfuil sé i gceist acu logainmneacha deimhnithe a chur leis an mbunachar GeoDirectory. Chuige seo, bainfidh said úsáid as aistriúcháin ón mBunachar Logainmneacha na hÉireann agus Suirbhéireacht Órdanáis Éireann. Le déanaí, thosaigh Logainm ag cur comhaid de logainmneacha a bhí athraithe nó nuashonraithe ar fáil d’APG. Nuair is féidir, cuirtear iad siúd agus logainmneacha deimhnithe eile leis an mbunachar GeoDirectory de chuid APG, agus ansin tá siad tugtha isteach sa bhunachar Eircode.

 The language scheme 2014 -2017 prepared by my Department aims to maintain and enhance the provision of services through Irish. 

The use of Eircode is voluntary, not mandatory and there is no requirement to change existing addresses in Irish or English. The Eircode is simply appended to the existing address be it in English or Irish. With the exception of the existing Dublin district codes, all Eircodes are neutral of location in both English and Irish language which means that the seven digit code is considered data rather than language. The Irish language organisations are satisfied with this approach.

Eircode in consultation with Conradh na Gaeilge and Foras na Gaeilge has produced bilingual promotional material and postcode notification letters. Bilingual staff are available in the Eircode call centre to take calls from members of the public in Irish.

The provision of addresses, including Irish language addresses in the Eircode address database is solely derived from the GeoDirectory database provided under licence by An Post GeoDirectory (APG) to Eircode.  An Post are responsible for their own scheme as a designated body under the 2003 Act. APG have informed my Department that they endeavour to include the verified official Irish placenames within their database where available, using translations from Bunachar Logainmneacha na hÉireann and Ordnance Survey Ireland.  Logainm have recently begun to supply APG with a file of placenames that have been changed or updated.  Where possible those and verified placenames are included in the GeoDirectory database provided by APG and incorporated into the Eircode database.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.