Written answers

Thursday, 6 October 2016

Department of Education and Skills

Straitéisí Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

99. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil aon tagairt déanta don Ghaeloideachas ná don chóras tumoideachais i Ráiteas Straitéise na Roinne Oideachais agus Scileanna, 2016-2018; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28969/16]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fhoilsigh mé an Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2016 – 2019 i mí Mheán Fómhair. Tabharfaidh an Teachta faoi deara go ndéantar roinnt tagairtí sa phlean don rún atá agam beartas ar an Oideachas Gaeltachta a fhoilsiú laistigh den chéad chúpla seachtain eile. Ina theannta sin, gheall mé go gcuirfí na gnéithe oideachais den “Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030” chun cinn i gcomhar le Roinn an Taoisigh agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. De bharr a chineáil, pléitear i mo Phlean Gníomhaíochta don Oideachas leis an obair uileghabhálach a bheidh i gceist, agus ní leis na mionsonraí. Mar a tharlaíonn, ceanglaítear le Gníomh 32 den Straitéis ar an Roinn an Curaclam Teangacha Bunscoile a chur i bhfeidhm i ngach bunscoil, Gaelscoileanna san áireamh. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá dhá leagan den churaclam nua sin ar fáil ag leanaí i rang na Naíonán Sóisearach go rang a dó – tá leagan amháin dírithe ar Ghaelscoileanna ina gcleachtar an tumoideachas agus tá an leagan eile dírithe ar scoileanna Béarla. Ina theannta sin, tá clár tiomnaithe um fhorbairt ghairmiúil leanúnach ag gabháil le tabhairt isteach an Churaclaim Theangacha nua faoi láthair. Tacóidh an clár sin le múinteoirí agus le príomhoidí i nGaelscoileanna an curaclam teangacha bunscoile nua a chur chun feidhme. Tacóidh sé lena gcuid comhghleacaithe i mbunscoileanna Béarla freisin.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag obair anois ar an gCuraclam Teangacha nua a fhorbairt do rang 3 go rang 6. Beidh dhá leagan den Churaclam sin ar fáil freisin.

Soláthraíonn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tacaí ar leith do Ghaelscoileanna. Mar a tharlaíonn, cuireadh pearsanra breise ar fáil do COGG i mbliana chun cabhrú leis an obair sin.

Cuireadh cistiú ar fáil freisin chun Séideán Sí a dhigitiú, ar acmhainn é atá dírithe go sonrach ar Ghaelscoileanna. Tá obair shuntasach críochnaithe cheana féin ar na hacmhainní idirghníomhacha sin a ullmhú do rang na naíonán sóisearach go rang a dó. Tá obair fós ar siúl ar ábhair dhigitithe a ullmhú do rang a trí go rang a sé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.