Written answers

Tuesday, 4 October 2016

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

345. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfear níos mó cuidiú airgid ar fáil mar chuid de scéim na gcúntóirí teanga i bhfianaise na scoileanna breise atá ag glacadh páirte ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28203/16]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga i 1999 ar bhonn píolótach chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge. Tá infheistíocht shuntasach déanta ag mo Roinn sa scéim seo ó shin i leith.

Tá deontas gur fiú €718,578 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne don scoilbhlian 2016/17 le cumasú dóibh beartais na scéime a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne.

I bhfianaise na n-éileamh breise ar an scéim agus an imní atá léirithe faoi chostais riaracháin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne an cás a phlé le hÚdarás na Gaeltachta. Déanfaidh mé an cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh torthaí an phróisis sin ar fáíl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.